Matthew 27:60 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuir sé an a thuáma nuá féin é, noch do thochuil sé a gcarruig: agus ar niompodh leice moiré dhó air dhoruis an túama, do imthigh sé roimhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do chuir sé ’n‐a thuama nua féin é, do bhí gearrtha i gcarraig aige: agus d’iontuigh sé leac mhór thar bhéal an tuama, agus d’imthigh sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus chuir sé ina thuama úrnua féin é, a bhí tochailte aige amach as an gcarraig; agus chas sé cloch mhór thart faoi bhéal an tuama, agus dʼimigh leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama d' imigh sé leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama dʼimigh sé leis.