Matthew 27:64 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin aithin coimhéad do chur ar an ttúama go ceann an treas lá, ar eagla go dtiucfaidis a dheisciobail annsa noidhche, agus go ngoidfidis é, agus gi naibéoradís ris an bpobal, Do éirigh sé ó mharbhuibh: agus bíaidh an seachrán dheigheanach ni is measa ná an chéud seachrán.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tabhair órdú, d’á bhrigh sin, gárda do chur ar an tuama go dtí an tríomhadh lá, ar eagla go dtiocfadh a dheisceabail agus go ngoidfidís é, agus go n‐abróchaidís leis na daoinibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh: agus ba mheasa an feall deireannach ’ná an chéad fheall.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ordaigh dá bhrí sin go ndruidfear an tuama go daingean go dtí an tríú lá, ar eagla go rachadh a dheisceabail á fhuadach ar shiúl, agus go n‑inseoidís do na daoine gur éirigh sé ó mhairbh, agus go mbeidh an mealladh deireanach níos measa arís na an chéad mhealladh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ordaigh, dá bhrí sin, an uaimh a dhéanamh daingean go dtí an treas lá, le heagla go dtiocfadh a chuid deisceabal á fhuadach agus go ndéarfaidís leis an bpobal: 'Tá sé éirithe ó mhairbh,' agus ba mheasa an dul amú nua ná an chéad dul amú.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ordaigh, dá bhrí sin, an uaimh a dhéanamh daingean go dtí an treas lá, le heagla go dtiocfadh a chuid deisceabal dá fhuadach agus go ndéarfaidís leis an bpobal: ‘Tá sé éirithe ó mhairbh,’ agus ba mheasa an dul amú nua ná an chéad dul amú.”