Matthew 27:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Ann sin do coimhlíonadh an ní a dubhradh tré Ieremías fáidh, ag rádh, Do ghabhadar chuca na deich nairgid fhithchead, lúach an té do measadh, do bhí ar ná mheas ó chlannuibh Israél;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin do cóimhlíonadh a ndubhairt ieremias fáidh, Agus do ghlacas na deich bpíosaí fichead airgid, luach an té do bhí fá mheas, an té do bhí fá mheas ag clainn Israel;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a comhlíonadh a ndúirt an fáidh Ierimía, á rá, “Agus ghlac siad an tríocha bonn dʼairgead, luach an té ar chuir cuid de chlann Iosrael luach air,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: «Agus thóg siad an tríocha píosa d' airgead geal, luach an duine a measadh ag cuid de chlann Iosrael a measadh é
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin a comh-líonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: “Agus thóg siad an tríocha píosa dʼairgead geal, luach an duine a measadh–ag cuid de chlann Iosrael a measadh é–