Matthew 28:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar nimtheachd dóibhsean, féuch, tangadar cuid don luchd faire don chathair, agus do innisidear dúachdaránuibh na sagart gach uile ní dá ndearnadhann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag imtheacht dóibh, féach, tháinig cuid de na gárdaibh isteach sa gcathair, agus d’inniseadar d’uachtaránaibh na sagart gach a dtarla.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí siadsan ag siúl, dʼimigh cuid den gharda isteach sa chathair gur inis siad ar tharla uile do na hard­sagairt.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Le linn dóibh sin bheith ag imeacht, seo isteach sa chathair cuid den gharda, agus d' inis siad an scéal go léir do na hardsagairt.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Le linn dóibh sin a bheith ag imeacht, seo isteach sa chathair cuid den gharda, agus dʼinis siad an scéal go léir do na hardsagairt.