Matthew 3:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nois atá an túagh ar na cur do chum fréimhe na gcrann: air a nadhbharsin giodh bé crann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus teilgthear san teinidh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: ar an adhbhar sin crann ar bith nach dtugann toradh maith, leagfar é agus caithfear é sa teinidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus anois féin tá béal na tua leagtha anuas ar bhun na gcrann; agus beidh an crann nach dtugann dea-thoradh uaidh á ghearradh anuas agus á chaitheamh isteach sa tine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.