Matthew 3:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Go deimhin baisdimsi sibh lé huisge do chum aithrighe: achd cheana an té thig am dhíaigh is láidire é ná me, agus ni fíu misi a bhróga diomchur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náomh, agus lé teinigh sibh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Bímse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrí, ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is mó é ná mise, agus ní fiú mé a chuaráin a iompar; déanfaidh seisean bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.