Matthew 3:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agá bhfuil a críathar ann a láimh, agus glanfuigh sé urlár a bhúailte, agus cruinneochuigh sé an chruithneachd an ait thaisgidhe; agus loisgfidh sé an cháidh lé teinigh nach éidir do mhúchadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruitneachtan isteach sa scioból; agus loiscfidh sé an cháith le teinidh nach féidir do mhúchadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá an dallán ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneoidh sé a chruithneacht isteach san iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine nach múchtar.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léir-ghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dho-mhúchta.”