Matthew 3:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith ar na bhaisdeagh Díosa, do chúaidh sé air ball súas as a nuisge: agus, féuch, do hósgladh neamh dhó, agus do chunnairc sé Spiorad Dé ag tuirrling a gcosamhlach choluim, agus ag teachd airsion:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar mbeith d’Íosa baistthe, do chuaidh sé suas as an uisce ar an láthair: agus, féach, do foscladh na flaithis dó, agus do chonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i riocht cuilm, agus ag teacht anuas air:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí Íosa baiste, chuaigh sé suas as an uisce gan mhoill, agus bʼshiúd doirse na bhflaitheas á n‑oscailt go bhfaca sé Spiorad Dé ag teacht anuas chuige mar a bheadh colm ann ag tuirlingt air;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air.