Matthew 3:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chunnairc sé mórán do Pháirisíneachaibh agus do na Sadúiseachaibh ag teachd do chum a bhaisdigh féin, a dúbhairt sé ríu, A shíol na naithreach neimhe, cía do fhoillsigh dháoibh teitheamh ón fheirg atá ag teachd?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht nuair do chonnaic sé mórán de na Fairisíneachaibh agus de na Saddúcíneachaibh ag teacht chum baiste d’fhágháil uaidh, adubhairt sé leo‐san: A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair orthaibh‐se teicheath ó’n díbhfheirg atá le teacht?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach nuair a chonaic sé cuid mhór de na Fairiséigh agus de na Sadúicéigh ag teacht chuige le baiste a fháil, is é a dúirt sé leo, “A shliocht úd na nathracha! Cé a thug mar rabhadh daoibh éalú ón díbheirg atá le teacht?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: «A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baiste chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh-se teitheadh ón díbheirg atá le teacht?