Matthew 4:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a dúirt Íosa leis, “Fág seo, a Shátain! Mar tá scríofa, ‘Adharfaidh tú do Thiarna Dia agus ní dhéanfaidh tú seirbhís ach dósan amháin.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leis ansin: «Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: 'Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain, óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”