Matthew 4:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghabh Iósa a dtimcheall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánúghadh gach tinnis agus gach éagcrúais a measg an phubail.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus shiúil sé an Ghalailí ar fad, ag teagasc sna sionagóga agus ag seanmóireacht soiscéal na ríochta agus ag leigheas gach uile aicíd agus easláinte a bhíodh ar dhaoine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dhea-scéal na Ríochta, agus ag leigheas gach galair agus gach éagruais i measc an phobail.