Matthew 4:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé, teilg thú féin síos: óir a tá sé sgríobhtha, Go ttiobhruigh sé aithne da ainglibh ad thimcheall: agus toigabhuidh síad thú ann a lámhaibh, do chum nach mbúailfeá do chos fá chloich.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus adubhairt sé leis, Má’s tú Mac Dé teilg thú féin le fánaidhe síos: óir atá scríobhtha, Do‐bhéaraidh sé órdú d’á ainglibh id’ thaobh: Agus tógfaid‐sean ’n‐a lámhaibh thú, Ar eagla go mbuailfeá do chos i gcoinnibh cloiche.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos thú féin; mar tá scríofa, ‘Cuirfidh sé ar chúram a aingeal thú,’ agus ‘Iompróidh siad ar a mbosa thú, ionas nach ngortaí tú do chos in éadan cloiche.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus dúirt leis: «Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ' Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’”