Matthew 4:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Iósa ris, Atá sé sgríobhtha mar an gceadna, Ní chuirfidh tú cathugadh ar an Tighearna do Dhía féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt Íosa leis, Atá scríobhtha fós, Ní chuirfidh tú cathú ar do Thighearna Dia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa Íosa leis, “Tá scríofa arís, ‘Ní chuirfidh tú cathú ar do Thiarna Dia.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leis: «Tá sé scríofa freisin: 'Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”