Matthew 5:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is beannuighthe bheithí, an tan imdheargfuid dáoine sibh, agus dhibeoruid sibh, agus a déuruid gach uile dhrochfhocal ribh go bréugach, ar mo shonsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is aoibhinn daoibh‐se nuair do‐bhéarfar tarcuisne dhaoibh, agus nuair ciapfar sibh, agus nuair adéarfar gach aon fhocal bréagach ’n‐bhúr n‐aghaidh, ar mo shon‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Is beannaithe sibh féin nuair a bhíos na daoine ag fonóid fúibh agus ag cur géarleanúna oraibh agus gach uile dhrochfhocal á rá acu fúibh go bréagach mar mhaithe liomsa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt droch-rud in bhur leith go bréagach mar gheall orm-sa.