Matthew 5:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Fágaibh do thabhartus ann sin a bhfiaddhnuisi na haltóra, agus imthigh; agus ar tús réidhigh réd dhearbhrathair, agus tar éisi sin ar dteachd duit tabhair uáit do thiodlacadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
fág annsin do bhronntanas os cómhair na h‐altóra, agus imthigh agus déan réidhteach ar dtús led’ bhráthair, agus tar ’n‐a dhiaidh sin agus tairg do bhronntanas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
fág dʼaisce ansin os comhair na haltóra agus imigh uaithi; déan socrú le do bhráthair ar dtús, agus tar ansin a thoirbhirt dʼaisce.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
fág d' ofráil ansiúd os comhair na haltóra, imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
fág dʼofráil ansiúd os comhair na haltóra, imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála.