Matthew 5:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin mas cionntach do shúil deas, bean asad í, agus teilg uáit í: óir is fear dhuit aónbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile do theilgean go hifearn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, má bhíonn do shúil dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í agus caith uait í: óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má bhíonn do shúil dheas ina ábhar peaca agat, steall amach as do cheann í agus caith uait í; is fearr aon bhall de do bhaill a chailleadh na go gcaithfí do chorp iomlán isteach in ifreann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in Ifreann.