Matthew 5:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar an gcéadna, do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ní thiobruidh tú héitheach, achd do dhéana tú do mhóid don Tighearna:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do‐chualabhar, leis, go ndubharthas i n‐allód, Ná tabhair mionna éithigh, acht cóimhlíon do mhóide do’n Tighearna;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Chuala sibh arís go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná tabhair mionnaí bréige, ach comhlíon cibé a mhionnaigh tú don Tiarna.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: 'Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomhlíonadh don Tiarna.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomh-líonadh don Tiarna.’