Matthew 5:47 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ma chuirthí fáilte roimh bhur ndearbhraithre féin amháin créud do níthi do bhárr air chách? A né deúnuid na puibliocáin mar an gcéudna?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus muna mbeannuigheann sibh acht do bhúr mbráithribh amháin, créad do‐ghní sibh sa mbreis ar chách? Nach ndéanann na págánaigh féin é sin?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus má bheannaíonn sibh do bhur mbráithre amháin, cad é a dhéanas sibh thar dhaoine eile? Nach ndéanann na Gintlithe féin mar an gcéanna?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna?