Matthew 6:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tarbhraidh bhur naire nach deúntáoi bhur ndeirc á bhfiadhnuisi dáoine, do chum go bhfaicfidís sibh: nó ní bhfuighthí lúaidheachd ó bhur Nathair atá air neamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Seachnaidh agus ná déanaidh bhúr ndeagh‐ghníomhartha i bhfiadhnaise na ndaoine i dtreo go bhfeicfidís sibh, nó ní bhéidh aon luach saothair le fágháil agaibh ó bhúr nAthair atá ar neamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Seachnaígí sibh féin agus ná bígí ag cleachtadh bhur gcráifeachta os comhair an tsaoil ionas go bhfeice na daoine sibh; mar ní bheidh aon luach saothair ó bhur nAthair atá ar neamh agaibh ansin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Aire daoibh gan bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn sibh, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar neamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Aire daoibh gan a bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar Neamh.