Matthew 6:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do nithi trosgadh, na bidhidh grúama, mar luchd an fhúarchrabháidh: óir dorchuidhid siád a naighthe, do chum go madh follus dona dáoinibh iád do throsgadh. A deirimsi ribh go fírrineach, Go bhfuil a ttúarasdal aca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair bhíos sibh i n‐bhúr dtroscadh, ná bidhidh gruamdha ar nós luchta an fhuar‐chrábhaidh: óir dorchuighid‐sean a gceann‐aighthe chum go bhfeicfidh na daoine go bhfuilid ’n‐a dtroscadh. Adeirim libh go fírinneach go bhfuil a luach‐saothair fághálta aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Nuair a bhíonn sibh ag déanamh troscaidh, ná bíodh dreach gruama oraibh, mar lucht na bréagchráifeachta, a chuireas míghnaoi ar a ngnúiseanna ionas go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréag-chráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.