Matthew 6:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná soláthruighidh stór daoibh féin ar an talamh so, mar a milleann an leamhan agus an mheirg é, agus mar a mbíonn bitheamhnaigh ag briseadh isteach agus ag goid:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh, mar a mbíonn na leamhain agus na coincleacha ag ithe, agus na gadaithe ag briseadh isteach agus ag goid,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach á ghoid.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg dá mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach dá ghoid.