Matthew 6:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an adhbhar sin, nuair bhíos tú ag tabhairt déirce, ná séid aon adharc rómhat, mar do‐ghní lucht an fhuar‐chrábhaidh ins na sionagógaibh agus ar na sráidibh, d’fhonn onóir d’fhágháil ó na daoinibh. Go fírinneach adeirim libh go bhfuil a luach saothair fághálta aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Mar sin de, nuair a bhionn tú ag déanamh déirce, ná séid an stoc romhat, mar a dhéanann lucht na bréagchráifeachta sna sionagóga agus sna sráideanna, ionas go bhfaighidh siad moladh ó dhaoine. Deirim libh go fíor, bíonn a luach saothair féin acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa dá shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréag-chráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách dá moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.