Matthew 6:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní féidir d’aoinneach seirbhís do dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh do’n duine eile: nó claoidhfidh sé le duine aca, agus béidh droch‐mheas aige ar an duine eile. Ní féidir dhaoibh seirbhís do dhéanamh do Dhia agus do Mhammon.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Ní féidir do dhuine ar bith bheith ar fostú ag an dá mháistir; mar tabharfaidh sé fuath dʼfhear acu agus grá don fhear eile, nó déanfaidh sé a mhór de dhuine acu agus a bheag den duine eile. Ní féidir daoibhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag an saibhreas saolta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamh-shuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.