Matthew 6:28 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus créud fa a bhfuiltí rochúramach a ttimcheall bhur gculadh? Foghlomaidh cionnas fhásaid lilighe an mhachaire; ní dhéunaid síad saóthar, agus ní shníomhaid síad:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus cad chuige dhaoibh imnidhe bheith oraibh i dtaobh éadaigh? Breathnuighidh lilí an bháin, cionnas fhásas siad; ní dhéanaid saothar, agus ní dhéanaid sníomh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus cad chuige daoibh imní a bheith oraibh i dtaobh na n‑éadaí? Déanaigí machnamh ar lilí an mhachaire, agus ar an bhfás a thagann fúthu; ní dhéanann siad saothar ná sníomh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus cé an fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus cén fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.