Matthew 6:31 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin na bídhidh lán do chúram, ag rádh, Créd iósam? no, Créd iobhom? no, Créd chuirfeam umainn?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná bíodh imnidhe oraibh, d’á bhrigh sin, agus sibh g‐á rádh, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóchar sinn?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin de ná bígí go himníoch agus ná habraigí, ‘Cad é a bheas againn le n‑ithe?’ nó ‘Cá bhfaighimid aon ní le n‑ól?’ nóʼ ‘Cad é an t‑éadach a chaithfimid?’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: 'Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’