Matthew 6:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do ní tú urnuighe, na bi mar luchd an fhúarchrábbaigh: óir is ionmhain léo urnuighthe dheúnamh sna sionagógaibh agus a gcomhrac na ród na seasamh, do chum go bhfaicfidis na dáoine iád. Go deimhin a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarusdal aca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh mar lucht an fhuar‐chrábhaidh, gur maith leo urnaighe do dhéanamh agus iad ’n‐a seasamh ins na sionagógaibh agus ag cúinnibh na sráideann, chum go bhfeicfeadh na daoine iad. Go fírinneach adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fághálta aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Agus nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí mar lucht na cráifeachta bréige; an dream ar fearr leo bheith ina seasamh ag guí sna sionagóga agus i gcoirnéil na sráideanna, ionas go bhfeice na daoine iad. Deirim libh go fíor go mbíonn a luach saothair féin acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréagchráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréag-chráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.