Matthew 7:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir, de réir na breithe do‐bheir sibh is eadh do‐bhéarfar breith oraibh: agus an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear chugaibh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an breithiúnas a thugann sibh a gheobhaidh sibh, agus an miosúr a thomhasfas sibh a thomhasfar libh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.