Matthew 7:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
No cionnas a deúra tú réd dhearbhráthair, Fulang dhamh an broth do bhúain as do shúil; agus, féuch, an tsail ann do shúil féin?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair, leig dom an dubhradán do bhaint as do shúil‐se; agus féach, atá an tsail id’ shúil féin?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Conas mar sin a fhéadann tú a rá le do bhráthair, ‘Lig dom an dúradán a bhaint as do shúil,’ nuair a bhíos an tsail i do shúil féin?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: 'Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit'; agus sin í an tsail i do shúil féin!
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: ‘Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit’; agus sin í an tsail i do shúil féin!