Matthew 7:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A fhir an fhúarchrábhaidh, bean an tsail ar tús as do shúil féin; agus an sin budh léir dhuit an broth do bháin as súil do dhearbhrathar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A bhréig‐fhíréin, bain an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin chífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
A fhimínigh, bain an tsail as do shúilse ar dtús, agus ansin beidh do shúil glinn leis an dúradán a thógáil amach as súil do bhráthar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar.