Matthew 8:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Iósa ris an gcaiptín, Imthigh romhad; agus biodh dhuit, do réir mar do chreid tú. Agus do slánuigheadh a shearbhfhoghantaidhe ar a núair sín.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Íosa leis an gceanntúir, Imthigh ort; de réir mar do chreidis go ndéantar duit. Agus do leigheasadh an giolla an uair chéadna sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt Íosa leis an gceantúir, “Imigh; go ndéantar duit mar atá creidte agat.” Agus leigheasadh an seirbhíseach in alt na móiminte úd.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: «Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.» Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leis an taoiseach céid ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.