Matthew 8:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chum go gcoimhliónfuighthe an ní a dubhairt Esaias an fhaigh, a deir, Do ghabh seisean ar néagcrúaisne air, agus do iomchair sé ar ngalruighthe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh, Do ghabh sé chuige féin ár n‐aicídeacha, agus d’fhulaing sé ár ngalair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh, “Ghlac sé air féin ár n‑easláintí agus thóg sé ár n‑aicídí.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: «Thóg sé ár n-éagruais, agus d' iompair sé ualach ár ngalar.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n-éagruais, agus dʼiompair sé ualach ár ngalar.”