Matthew 8:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, féuch, do éirigh sdoirm mhór ar an bhfairge, ionnus gus fholaigheadar na tonna an loug: achd do bhí seisean na chodladh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach, d’éirigh stoirm mhór ar an bhfairrge, i dtreo go raibh an bád d’á mhúchadh fá na tonnaibh: acht do bhí seisean ’n‐a chodladh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼshiúd doineann mhór ag éirí ar an muir, i dtreo go raibh na tonnta ag líonadh an bháid; ach bhí sé féin ina chodladh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád á mhúchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád dá múchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh.