Matthew 8:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghabh iongnadh na daóine, ag rádh, Créud é an fearso, agá bhfuilid na gáotha agus an fhairge ag umhlughadh dhó!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do ghabh iongnadh an‐mhór na daoine, agus adubhradar, cia h‐é an fear so go n‐umhluigheann na gaotha agus an fhairrge féin dó?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus rinne na fir iontas de, agus dúirt siad, “Cad é an sórt fir é seo, go mbíonn fiú na gaotha agus an fharraige ag umhlú dó?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: «Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?”