Matthew 8:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan thainic sé don táoibh eile go tír na Ngeirgésineach, tárrladar do dháoínibh air ann a rabhadar deamhain, ag teachd as na tuámaighibh, agus do bhí rofhiochmhar, ionnas nar bhéidir do dhuine ar bhith an tslighesin do ghabhail.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair tháinig sé do’n taobh eile, isteach i dtír na nGadarénach, do casadh air beirt i n‐a raibh deamhain, agus iad ag teacht as na tuamaibh, agus iad an‐fhíochmhar, i dtreo nárbh fhéidir le duine ar bith gabháil an tslighe sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a tháinig sé go dtí an taobh thall, go tír na nGadairénach, tháinig beirt ina airicis ag teacht amach as na tuamaí, a bhí chomh fíochmhar nár fhéad aon duine an tslí úd a shiúl.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)