Matthew 8:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, féuchm do éimhgheadar, ag rádh, Créud é ar gcuídne dhiót, a Iósa, Mhic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusadhne roimhe a naimsir?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼshiúd iad ag béiceadh, “Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Mhic Dé? Ar tháinig tú lenar gcéasadh roimh am?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scread siad amach: «Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhac Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”