Matthew 8:32 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt seisean ríu, Imthighe. Agus ar nimtheachd dóibh, do chúadar ann so tréud uile do nail a ndiáigh a gcinn sa bhfairge, agus fuáradar bás ann sna huisgidhibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt seisean leo, Imthighidh. Agus tháinig siad amach, agus do chuaidh siad isteach ins na mucaibh: agus féach, do rith an tréad uile le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad san uisce.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt sé leo, “Amach libh.” Tháinig siadsan amach mar sin agus isteach sna muca leo; agus bʼshiúd an tréad uile go léir ag dul de ruathar síos na farragáin amach san fharraige, gur bádh san uisce iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo: «Amach libh.» Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach san fharraige gur cailleadh san uisce iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach sa bhfarraige gur cailleadh san uisce iad.