Matthew 9:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin tangadar deisgióbail Eóin chuige, ag rádh, Créud fa a ndéunmaóidne agus na Phárisinigh iomad triosge, agus nach troisgíd do dheisgiobail sé?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin tháinig deisceabail Eoin chuige g‐á rádh, Cad chuige a ndéanaimíd‐ne agus a ndéanann na Fairisínigh troscadh go minic, agus nach ndéanann do dheisceabail‐se troscadh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin, agus dúirt siad leis, “Cad chuige a mbíonn sinne agus na Fairiséigh ag déanamh troscaidh, ach ní dhéanann do dheisceabailse troscadh?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: «Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: “Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?”