Matthew 9:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé cloinn seomra an fhir núaphosda bheith dóbronach, an feadh bhios an té do pósadh na bhfochair? achd tiocfuidh lá ann, a dtóigéabhthar an fear núaphósda uátha, agus ann sin do dhéunaid síad trosgadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht an fhir nua‐phósta bheith duairc, fad agus bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? acht tiocfaidh na laethe ’n‐a dtógfar uatha an fear nua‐phósta, agus annsin do‐ghéanaidh siad troscadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt Íosa leo, “Conas a fhéadann lucht na bainise bheith brónach chomh fada agus a bhíonn an fear nuaphósta leo? Tiocfaidh na laethanta a n‑ardófar uathu an fear nuaphósta, agus déanfaidh siad troscadh ansin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo: «An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.