Matthew 9:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní chuirid daóine fíon núa a seanbhuidéulaibh: nó brisdear na buidéil, agus dóirtear an fíon, agus téid na buidéil a múgha: achd cuirid síad fíon núa a mbuidéulaibh núadha, agus bíd síad aráon slán.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní chuireann daoine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: má chuireann, pléascthar na buidéil, agus doirtear amach an fíon, agus cailltear na buidéil: acht cuireann siad fíon úr i mbuidéalaibh úr‐nua, agus sábháltar iad araon.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ní chuirtear nuafhíon amh i seanseithí; mar má dhéantar amhlaidh, pléascann na seithí, agus doirtear an fíon, agus scríostar na seithí; ach cuirtear fíon amh i seithí úrleathair, agus fanann ceachtar acu slán sábháilte.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.”