Matthew 9:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a labhairt na neitheannso dhó ríu, féuch, ar tteachd dúachdarán aírighthe chuige, do onóruigh sé é, ag radh, Fúair minghean bás ar an mball: ach tarrsa agus cuir do lámh uirrthe, agus biáidh sí béo.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Le linn cainnte dhó, féach, tháinig uachtarán chuige, agus do shléacht sé dhó, agus adubhairt, Atá m’inghean tar éis báis anois díreach, acht tar agus cuir do lámh uirthi, agus mairfidh sí beo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin leo, bʼshiúd rialtóir ag teacht chuige a chuaigh ar a ghlúine roimhe, agus a dúirt, “Tá mʼiníon go díreach i ndiaidh bás a fháil; ach tar agus leag do lámh uirthi, agus mairfidh sí.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Leigheas na Mná sa Slua
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Le linn dó a bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus dʼumhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.”