Matthew 9:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, féuch, tugadar fear pairilise, na luighe air a leabaidh chuighe: agus an tan do chunnairc Iósa a gcreideamh a dubhairt sé re fear na pairilisi; Biódh muinighin mhaith agad a mhic; ataid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼshiúd iad ag iompar pairilisigh chuige, agus é ina luí ar a leaba; agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, ar seisean leis an bpairiliseach, “Tóg suas do chroí, a mhic; tá do pheacaí maite.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: «Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! Tá do pheacaí maite.”