Matthew 9:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Agus, féuch, tháinic bean, ar a raibh dórtadh fola le dhá bhliádhain déag, táobh shiar dhe, agus do chumail sí lé imeal a éudaigh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach, tháinig bean, ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, taobh thiar de, agus do chuimil sí le fabhra a bhrait: óir adubhairt sí ’n‐a h‐intinn fein,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼshiúd bean a mbíodh rith fola uirthi i rith dhá bhliain déag a tháinig aníos ar a chúl amach agus a leag méar ar fhrainse a fhallainge;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait,