Matthew 9:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfilleadh Diósa agus ar na faicsinsean dó, a dubhairt sé, Biódh muinighin mhaith agad, a inghean; do shlánaigh do chreideamh thú. Agus do bhí an bhean slán ó a nuáirsin a mach.)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do chas Íosa, agus nuair do chonnaic sé í, adubhairt sé, Bíodh meisneach agat, a inghean; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thiontaigh Íosa thart, agus nuair a chonaic sé í dúirt sé léi, “Ná bíodh aon imní ort, a iníon; shlánaigh do chreideamh féin thú.” Agus rinneadh an bhean slán folláin ón uair sin amach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: «Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.» Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.