Matthew 9:34 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhradar na Phairisinigh, Tre phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé an mach na deamhain.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adubhairt na Fairisínigh, Is tré phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is é a deireadh na Fairiséigh, “Bíonn sé ag díbirt na ndeamhan le cuidiú phrionsa na ndeamhan.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: «Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: “Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.”