Matthew 9:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do chum mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaitheamh ar an ttalamh, (a deir sé an tansin ré fear na pairilise,) Erigh, tógaidh do leabaigh, agus imthigh dod thigh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht, chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil ar chumas do Mhac an Duine ar talamh peacaidhe do mhaitheamh (adubhairt sé annsin leis an bhfear pairiliseach), Éirigh, tóg do leaba, agus imthigh chum do thighe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach sa chaoi go mbeidh fhios agaibh an t‑údarás atá ag Mac an duine ar an talamh le peacaí a mhaitheamh”— ar seisean ansin leis an bpairiliseach—“Éirigh, tóg ort do leaba agus siúil leat abhaile.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh» dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: «Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh”–dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.”