Micah 2:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Annsa lósin tóigfe duine cosamhlachd bhur naghaidh, agus caoidhfidh maille re caói thruáighmhéile, agus a déaruid, Atámaoid millte go hiomlán: do mhalairt sé comhroinn mo phobail: ciondus do áthruigh sé uáimse é! do roinn sé ar machaireadh uáinn, noch do sháoileamar haiseogaidh dhúinn féin
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: «Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.»