Micah 4:10 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Bídh a mbruid, agus sáothruigh breith, a inghean Sion, cosmhuil re muáoi re níodhnuibh: óir a nois rachaidh tú amach as an ccathruigh, agus coimhueocha tú anusa mhachaire, agus racha tú don Bhabilóin; annsin sáorfuighear thú; annsin fhuáisceolus an TIGHEARNA thú ó láimh do námhad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón, mar bhean ina leaba luí seoil. Óir beidh ort imeacht as an gcathair anois agus cur fút faoin tuath. Rachaidh tú go dtí an Bhablóin ach slánófar ann thú. Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thú ó lámha do naimhde.