Micah 4:13 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Eirigh agus buáil, a inghean Shion: óir do dhéana misi íarann dot adhairc, agus do dhéana mé hingne na bprás: agus buáilfidh tú na ccodchaibh mórán daóine: agus náomhthocha misi a ttarbha don TIGHEARNA, agus a ttadhbhacht do THIGHEARNA na talmhan uile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.