Micah 4:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tincfuid mórán cineadhach, agus a déaruid síad, Tigidh, déanam súas go slíabh an TIGHEARNA, agus go tigh Dé Iácob; agus muinfidh sé a shlighthe dhúinn, agus siubholum iona chasánuibh: óir rachuidh an dligheadh amach as Sion, agus briathar an TIGHEARNA ó Ierusalem.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: «Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna, go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí. Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.»