Micah 7:14 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Beathuigh do mhuinntir le do shlait, tréud hoighreachta, noch chomhnuighios go háonránach annsa choill, a lár Charmel: bíathaidís ann Básan agus an Gilead, mar annsna laéthibh a nallod.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Seol do phobal chun féaraigh le do bhata, an tréad atá ina oidhreacht agat, a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta. Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád mar a mbídís san am fadó.